School Calendar

Lá Glas

Tá Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil againn an choicís seo ar scoil. Táimid ag súil go ndéanfaidh na páistí an-iarracht an Ghaeilge a labhairt le linn an lae.  Gach lá beimid ag roghnú Gaeilgeoir an Lae. An Chéadaoin seo chugainn beidh Céilí againn chun ceiliúradh a dhéanamh ar iarracht na bpáistí. Beidh deis ag gach rang amhrán a chanadh nó damhsa a thaispeáint don scoil iomlán. Tá glór na bpáistí le cloisteáil ag cleachtadh cheanna féin. Nár laga Dia sibh, a pháistí!